Éalaitheach Gairdín

Is minic go scaipeann planda a chuirtear i ngairdín teaghlaigh lasmuigh den chlaí teorainn. Tugtar éalaitheach gairdín ar phlanda a scaipeann mar seo. Bíonn sé éasca éalaitheach gairdín a aithint nuair atá an speiceas céanna díreach lasmuigh den chlaí nó an sconsa agus atá curtha laistigh.

Ach is féidir le héalaithigh ghairdín taisteal i bhfad ón mbunphlanda, mar shíolta ar an ngaoth nó scaipthe ag éin, nó má chaithtear gearrthóga de phlanda in áit éigin eile (an portach, mar shampla).

Déantar idirdhealú idir éalaithigh ghairdín amhail Lus na Pléisce agus plandaí neamh-dhúchasacha ach atá bunaithe le fada sa gceantar, ar nós an Róslabhras.

Samplaí de hÉalaithigh Ghairdín i gCois Fharraige