Ainmneacha Eile: Ródaideandrón Fiáin[1]
Béarla: Rhododendron
Tréithe Suntasacha na Sceich
- Planda síorghlas le duilleoga lonracha glasa
- Bláthanna móra bándearga ar an sceach i gcaitheamh an tsamhraidh.
- Planda ionrach, ag scaipeadh go tréan ar fud na gnáthóga ina bhfásann sé.
- Déanann an planda clampaí móra dlútha nach bhfásfaidh aon cheo ach é.
Réamhrá
Ní mórán sceacha in Éirinn, seachas b’fhéidir an ghlúineach bhiorach (Reynoutria japonica), a dhéanann an oiread damáiste agus a dhéanann an róslabhras. Éiríonn go maith leis ar thalamh aigéadacha in aeráide fhliucha, agus tá paistí den an tír seo idéalach dá leithéid de phlanda. Fásann sé go tréan agus go tapaidh ar chréafóg aigéadach na tíre, agus tá sé anois tar éis ionradh a dhéanamh ar phortaigh agus ar mhóinteach.
Tugadh an róslabhras isteach sa mBreatain tar éis 1763 agus tá an sé nádúraithe sa mBreatain agus in Éirinn anois.[2] Ní fios go cinnte cén uair a tháinig sé go hÉirinn, ach síltear (ó thaifead stairiúla agus ó anailís ar fháinní fáis na bplandaí) gur cuireadh an róslabhras i gceantar Chill Airne luath sa 19ú aois, nó go gairid roimhe sin.[3] Níl mórán naimhde ag an róslabhras in Éirinn ná sa mBreatain, ceann de na cúiseanna is mó go bhfuil an planda nádúraithe go forleathan ar na hoileáin.[4]
Stair an Róslabhrais in Éirinn
Cé go mbreathnaítear air mar planda neamhdhúchasach, bhí an róslabhras dúchasach in Éirinn sa tréimhse idiroighreach Hocsnach, idir 424,000 agus 374,000 bliain ó shin.[2] Is léiriú eile é seo ar stair chasta luibheolaíochta na hÉireann – bíonn sé deacair sainmhíniú cruinn a thabhairt ar phlanda dúchasach agus planda neamhdhúchasach.
Is iad réigiún Chugais, tuaisceart na Tuirce, agus Leithinis na Ibéire réimse dúchais an róslabhrais anois.[5] Léiríonn taighde a rinneadh ar an seach gur ó Leithinis na hIbéire a tháinig an róslabhras in Éirinn agus sa mBreatain.[4] Tugadh speicis eile den róslabhras, Rhododendron catawbiense agus Rhododendron maximum, isteach ó Mheiriceá Thuaidh sna 18ú agus 19ú aoiseanna. Cuireadh iad mar chrainnte ornáide, mar ar na bláthanna móra a bhíonn ar an bplanda i gcaitheamh an tsamhraidh, agus mar gur thug sé clúdach do héanlaith ghéim (cearca fraoigh agus piasúin, go príomha).
Ceaptar gur hibridigh na plandaí seo (go háirithe R catawbiense) sa mBreatain le R. ponticum. Thug sé seo níos mó cosanta don phlanda ón sioc, a chur ar a chumas scaipeadh suas go hAlbain.[2] Anuas ar seo, mar go bhfuiltear ag ceapadh gur hibridigh R. ponticum le cuid de bheagnach 500 speiceas eile de róslabhras (trí thimpiste nó d’aon turas) a tugadh isteach sa mBreatain, is mór an difríocht anois idir an róslabhras atá ag fás go tréan ar na hoileáin seo agus an bunleagan a tháinig ó leithinis na hIbéire 300 bliain ó shin.[4] Cé nach bhfuil fianaise gur tharla a leithéid de chrosphórú in Éirinn, níltear tar éis mórán taighde den tsórt seo a dhéanamh ar phlandaí Éireannacha.[6]
Cuma na Sceiche
Is sceach chraobhach, shíorghlas é an róslabhras a shroicheann 3m ar airde. Mar gur plandaí ilstocacha iad, bíonn sé deacair aois an róslabhrais a mheas, ach ceaptar go maireann siad ar feadh os cionn 100 bliain in Éirinn.[6] Is cruth éilipseach a bhíonn ar na duilleoga lonracha, leatharacha, neamhchlúmhacha. Tá nimh sa róslabhras agus tá sé nimhneach do chaora, do bheithígh agus d’fianna na duilleoga a ithe.[6]
Is iondúil nach ngineann an róslabhras bláthanna nó go bhfuil an planda 10-12 bliain d’aois. Bíonn dathanna éagsúla ar bhláthanna an róslabhrais, ó líológ go bándearg go corcra, Is bláthanna móra a bhíonn ar an bplanda agus iad i mbraislí ar an gcraobh. Bláthaíonn an planda ó Bhealtaine go Iúil. Is capsúl adhmadach an toradh ina mbíonn go leor síolta istigh ann – is féidir leis an toradh fanacht ar an bplanda ar feadh 3 bliana.[7, 8]
Iomadaíonn an róslabhras tríd síolta a scaipeadh nó le meatháin a thagann aníos ó rútaí faoi thalamh. Tá róslabhras amháin in ann os cionn 1,000,000 síol a ghineadh in aghaidh na bliana. Scaiptear sa ngaoth iad. Mar go bhfuil na síolta ar na ceanna is lú agus is éadroime atá ag aon phlanda, is iondúil go scaiptear go 100m iad ón bplanda, agus is féidir leo scaipeadh 1km ón bplanda i gcoinníollacha fabhracha.[6] Scaiptear na síolta in uisce freisin, agus is féidir leo greamú go héasca ar fhionnadh ainmhithe agus ar éadaí dhaoine.
Níl stór bia ag na síolta, mar atá i gcnónna an choill (Corylus avellana) mar shampla, mar go bhfuil síolta an róslabhrais chomh beag sin. A thoradh seo, ní fhásfadh siad ach i raon teoranta gcoinníollacha. Is mó seans go bhfásfaidh an róslabhras ar chaonach, ar thalamh portaigh, nó ar chréafóg nochtaithe, fhliuch mar go bhfuil foinse uisce ag teastáil ó fréamh an tsíolta chomh luath agus a phéacann sé.[6]
An Róslabhras Ionrach
Léiríonn an meascán de thréithe nádúrtha an róslabhrais agus an chaoi go n-úsáideann an planda fachtóirí seachtracha amhail ainmhithe, cé fáth go n-éiríonn chomh maith leis an róslabhras dul in iomaíocht le speicis dhúchasacha. Tá síolta beaga agus éasca le scaipeadh ag an mbeith chlúmhach (Betula pubescens), crann dúchasach a fhásann sna gnáthóga céanna leis an róslabhras agus a cheapfá go mbeadh go maith in ann dul in iomaíocht leis. Ach is planda téisclime í an bheith a bhfuil solas ag teastáil uaidh le fás, agus ní éiríonn le síológa óga beithe faoi scáth an róslabhrais. Ní éiríonn leis an gcuilinn (Ilex aquifolium), crann eile a fhásann sna ceantair chéanna leis an róslabhras, dul i gcomórtas leis an ach an oiread. Tá síológa cuileann scáthfhulangach, rud nach bhfuil síológa na beithe, ach itheann ainmhithe, go háirithe fianna, iad.[3]
Tá an róslabhras in ann fás faoi sholas na gréine agus faoi scáth chrainnte eile, seachas crainnte móra buaircíneacha. Is go mall a fhásann plandaí óga ar dtús, ar stoc amháin. Tar éis 10 mbliana éiríonn an planda ilstocach agus, má tá go leor plandaí ag fás in aice le chéile, leathnaíonn siad amach go dtí go bhfuil an áit clúdaithe leo. Leo fhéin, déanann siad plandaí ísle (2-4m), dlútha, ach nuair a fhásann siad i gcoillearnaí déanann siad plandaí arda (8m) ag síneadh i dtreo an solais. In áiteanna fliucha, má déanann craobh róslabhrais teagmháil leis an talamh, is féidir leis stoc agus planda nua a dhéanamh.[6]
Is obair dhaor, fhada í an ruaig a chur ar an róslabhras ón gceantar ina bhfuil sí imithe as smacht. Is furasta crainnte óga a tharraingt as an talamh de lámh, agus déantar crainnte níos sine a tharraingt ag úsáid innealra. Fásann sé ar ais arís má ghearrtar é, agus caithfear theacht ar ais chuig an suíomh go minic in dhiaidh sin chun na crainnte óga a phéacann ó shíolta a bhaint.[6]
Úsáid an Róslabhrais
Go dtí le déanaí bhí an róslabhras (Rhododendron ponticum) ar cheann de na crainnte is mó éilimh ó ionaid gharraíodóireacht. Níl sé sin amhlaidh níos mó, anois go dtuigeann daoine cé chomh scaipeach atá an planda. Ach baintear úsáid as rútaí an róslabhrais mar nódú fréimhe do speicis eile de Rhododendron.
Tá nimh i neachtair an róslabhrais, ar a dtugtar grayanotoxin, atá in ann mil a thruailliú má bhailíonn meachain é. Tugtar mad honey ar an mhil, agus éiríonn daoine tinn (meadhrán, fís doiléir, vertigo, tinneas cinn, ag cur allais, agus laige ginearálta) má itheann siad é.[9] Bhí a fhios ag daoine faoi sa gcianaimsir, agus bhí fios acu freisin gur chógas leighis a bhí ann do bhreoiteachtaí éagsúla – luaigh Aristotle gur leigheas a bhí ann do thitimeas, agus dúirt Plinias Mór go raibh sé go maith don chraiceann.[10] Tá an mhil in ann meisce a chur ar dhaoine freisin agus tógtar sa Tuirc é mar dhruga áineasa. Is féidir leis a bheith marfach, cé nach minic a tharlaíonn sé seo.
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Ua Maoileoin, P., Dúlra Duibhneach. 2001, Baile Átha Cliath: Coiscéim.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Cross, J.R., The Establishment of Rhododendron Ponticum in the Killarney Oakwoods, S. W. Ireland. Journal of Ecology, 1981. 69(3): p. 807-824.
4. Milne, R.I. and R.J. Abbott, Origin and evolution of invasive naturalized material of Rhododendron ponticum L. in the British Isles. Molecular Ecology, 2000. 9(5): p. 541-556.
5. Cross, J.R., Rhododendron Ponticum L. Journal of Ecology, 1975. 63(1): p. 345-364.
6. Higgins, G.T., Rhododendron ponticum: a guide to management on nature conservation sites. 2008, National Parks and Wildlife Service: Baile Átha Cliath.
7. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
8. Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.
9. DİLBER, E., et al., A case of mad honey poisoning presenting with convulsion: intoxication instead of alternative therapy. Turkish Journal of Medical Sciences, 2002. 32(4): p. 361-362.
10. Silici, S. and A.T. Atayoglu, Mad honey intoxication: A systematic review on the 1199 cases. Food and Chemical Toxicology, 2015. 86: p. 282-290.