Acer pseudoplatanus
Gaeilge: Seiceamóir; Crann Bán; Seiceamar
Béarla: Sycamore
Cur Síos
Taitníonn aeráid agus ithir Chois Fharraige go mór leis an Seiceamóir – nó b’fhéidir nach gcuireann aeráid agus ithir Chois Fharraige isteach ná amach air – agus tá sé mar cheann de bheagán crainnte a shíolraíonn go héasca sa gceantar.
Bíonn bachlóga móra glasa le feiceáil ar ghéaga an chrainn i gcaitheamh an gheimhridh – agus níl mórán crainnte eile thart le duilleoga chomh mór. .
Ní bhreathnaítear ar an seiceamóir mar chrann dúchasach in Éirinn (ach céard a chiallaíonn dúchasach ar oileán a bhí gan crann ar bith 12,000 bliain ó shin?). Tá taifead ann den chrann á chur in Éirinn i 1610, agus b’fhéidir go raibh sé anseo roimhe sin. Ceaptar gur thug na Rómhánaigh go Sasana é agus gur uaidh sin a tháinig sé go hÉirinn.
Ní scaoiltear mórán de sholas na gréine tríd na géagáin sa samhradh, agus clúdaíonn brat duilleoga móra an talamh sa ngeimhreadh – mar sin is gnáthóg thábhachtach an crann seiceamóir do chuile chineál feithid, agus do na héin a itheann iad.








