You are currently viewing An Chorrchopóg

An Chorrchopóg

Cineál Planda: ,
Fine:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:

Alisma plantago-aquatica

Water-plantain

Seo bláth ar an gCorrchopóg (Alisma plantago-aquatica), planda atá ag fás ar bhruacha locháin ar phortaigh Chois Fharraige – agus b’fhéidir ar thalamh fhliuch eile go háitiúil, ach ní léir go bhfuil sé an-choitianta sa gceantar.  

Is planda réasúnta mór é, le duilleoga ubhacha ar ghasanna fada. Bláthaíonn sé sa samhradh

Tá an focal “plantago” sa Laidin mar go bhfuil na duilleoga cosúil le duilleoga na bplandaí sa géineas Plantago, cosúil leis an Slánlus (Plantago lanceolata).