You are currently viewing  An Fhearnóg Iodálach <br><span style='font-size:16px;'>Alnus cordata</span>

An Fhearnóg Iodálach
Alnus cordata

Dath Bláth:
Cineál Planda: , , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog: , , ,
Faoi Bhláth:
Stádas:

Ainmneacha Eile: An Fhearnóg Iodálach

Béarla: Italian Alder


Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Crann duillsilteach a choinníonn na duilleoga go deireadh na bliana.
  • Duilleoga lonracha croíchruthacha.
  • Fanann na torthaí feoite ar an gcraobh sa ngeimhreadh.

Fearnóg Iodalacha ar champas Ollscoil na Gaillimhe i mí Mheán Fómhair.

Réamhrá

Tugadh an fhearnóg Iodálach isteach sa mBreatain timpeall na bliana 1820[1] agus seans gur tháinig sé isteach go hÉirinn go gairid ina dhiaidh sin. Is ó dheisceart na hIodáile, an Albáin, agus an Chorsaic a tháinig an crann seo ó thús. Síolraíonn an crann seo go héasca in Éirinn agus tá sé réasúnta forleathan anois, go háirithe ar an gcósta thoir agus theas.

Ní hiad na coinníollacha céanna a thaitníonn leis an bhfearnóg dhúchasach (Alnus glutinosa) agus an fhearnóg Iodálach. Tá an fhearnóg Iodálach in ann ithir bhocht, thirim, chlochach, agus chailceach a sheasamh níos fearr ná mar atá an fhearnóg choiteann.

Fearnóga Iodálacha i gConamara sa ngeimhreadh.

Cuma an Chrainn

Déanann an fhearnóg Iodálach sceach nó crann ag brath ar na coinníollacha ina bhfuil sé ag fás. Scaipfidh sé mar chuid den scrobarnach in áiteanna le ithir bhocht cosúil le coiléir thréigthe. Má tá an talamh réasúnta, agus gan mórán in iomaíochta leis, is cruth leathanchónach a dhéanann an fhearnóg seo go nádúrtha. Déanfaidh sé crann breá ard, díreach, má chuirtear é in áit le doimhneacht créafóige agus neart foscadh.  Mar chrann atá in ann os cionn 30m in airde a bhaint amach, tá sé ar an fhearnóg is mó sa ngéineas.[2] In ainneoin sin, níl fearnóga Iodálacha na tíre seo in ann an airde sin a bhaint amach – 24m atá an crann is airde i Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon, agus tá formhór na crainnte cuid mhaith níos ísle ná sin.

Bachlóg duilleoige na fearnóige Iodálaigh (A. cordata). Is iondúil go mbíonn scáil ghlas ar bhachlóga an chrainn seo, seachas an dath corcra a bhíonn ar an bhfearnóg (A. glutinosa).

Duilleoga an Chrainn

Dath glas a bhíonn go minic ar bhachlóga duilleoga an chrainn –  is iondúil gur dath corcra a bhíonn ar bhachlóga duilleoige na fearnóige coitinne. Is sna duilleoga is mó gur féidir na difríochtaí idir an fhearnóg choiteann agus an fhearnóg Iodálach a fheiceáil. Bíonn dromchla uachtair dhuilleoga na fearnóige Iodálaigh lonrach agus bíonn dath glas geal orthu – is neamhlonrach le dath níos dorcha a bhíonn duilleoga na fearnóige coitinne. Bíonn na duilleoga croíchruthach freisin (ciallaíonn cordata croíchruthach sa Laidin). Cé gur crann duillsilteach é, fanann na duilleoga ar an ngéag beagnach go deireadh na bliana.

Duilleoga lonracha, croíchruthacha na fearnóige Iodálaí.

Bláthanna agus Torthaí

Tá an fhearnóg Iodálach moinéiciach, cosúil leis na fearnóga eile. Bíonn caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Tosaíonn na caitíní fireanna ag forbairt san Earrach, agus ní bhíonn siad réidh le pailin a scaoileadh go dtí an tEarrach dár gcion.

Bíonn na caitíní baineanna cuid mhaith níos mó ná na caitíní a bhíonn ar an bhfearnóg choiteann. Pailnítear iad san Earrach agus forbraíonn siad mar chóin ghlasa i gcaitheamh an tsamhraidh. Bíonn na síolta, samáir bheaga, faoi gach scala ar an gcón. Scaoiltear na síolta sa bhfómhar agus sa ngeimhreadh. Maraon leis an bhfearnóg coiteann, fanann na cóin fheoite ar an gcrann i gcaitheamh an gheimhridh.

Eiceolaíocht an Chrainn

Caitín baineann na fearnóige Iodálaí.
Caitíní fireanna na fearnóige Iodálaí.

Tá an fhearnóg faoi léigear sa mBreatain ag an úimícéit (orgánach atá gaolmhar le halga) uisce-iompartha Phytophthora spp. Lobhann sé an rúta agus coiléar na bhfréamhacha (an chuid sin den stoc in aice na talún). Bíonn duilleoga beaga buí, a thiteann luath, ag crainnte atá ag fulaingt leis an ngalar marfach seo, agus sceitheann an stoc substaint dubh tearúil.[3] Tugtar críonadh siar ar éifeacht an ghalair ar an gcrann. Ó tugadh an galar seo faoi deara sa mBreatain i 1993, tá sé feicthe anois ar fud Mhór-roinn na hEorpa agus in Éirinn. Is í an fhearnóg choiteann is mó atá leochaileach don ghalar seo, ach tá an fhearnóg Iodálach leochaileach freisin.[4]

Cuirtear an fhearnóg Iodálach go minic i ngairdíní agus tá níos mó tóir air mar chrann ornáide ná mar atá ar an bhfearnóg dhúchasach (Alnus glutinosa).

Ní ionann na gnáthóga ina bhfásann an fhearnóg Iodálach agus an fhearnóg choiteann (Alnus glutinosa). Taitníonn coinníollacha tirime, cosúil leis an sean-choiléar seo in oirthear na Gaillimhe, leis an bhfearnóg Iodálach.

Íomhánna Eile

Tagairtí

1. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

2. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.

3. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.

4. O’Hanlon, R., J. Wilson, and D. Cox, Investigations into Phytophthora dieback of alder along the river Lagan in Belfast, Northern Ireland. Irish Forestry, 2022. 77(1&2): p. 33-48.