Beta vulgaris ssp maritima
Sea Beet; Sea Spinach
Níl bláth ar Laíon na Trá (Beta vulgaris fosp. maritima) go lár an tsamhraidh, ach is níos mó spéise a bhíonn ag daoine sna duilleoga inite. Tá gaol sinsearachta ag an bplanda seo le glasraí tábhachtacha cosúil leis an meacan biatais, an biatas siúcra agus an biatas bán.
Fásann sé le cósta ar fud Chois Fharraige, go háirithe ar na stráicí duirlinge. Tagann bláthanna beaga dearga agus glasa air.
Tugtar Wild Spinach air, chomh maith le Sea Beet, sa mBéarla ach ní dóigh liom go bhfuil spionáiste nó biatas in ainm ar bith Gaeilge atá ag an bplanda seo (ach d’fhéadfainn a bheith mícheart), cé go bhfuil Biatas Mara mar ainm air i nGaeilge na hAlban.





