Cladonia pyxidata (?)
Pebbled Cup Lichen; Pixie Cup Lichen
Tá an Cupán Móna (géineas Cladonia) le fáil sa gcaonach ar chlaíocha, ar phortaigh agus ar adhmad lofa. Tá na cupáin mhóna seo ag fás ar chlaí in aice na farraige in Indreabhán, Cois Fharraige.
Is dhá orgánach atá sa gCupán Móna – alga agus fungas ag maireachtáil i gcomhpháirt le chéile. Tá go leor speiceas éagsúla de Cladonia ann (C. chlorophaea, C. pyxidata, C. asahinae srl).





