You are currently viewing Cailís Mhuire

Cailís Mhuire

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Úsáid: ,

Drúchtín

Drosera intermedia

Oblong-leaved sundew

Go bhfios dom, tá trí speiceas de dhrúchtín i gCois Fharraige, agus is í fad na nduilleoga an difríocht mhór atá eatarthu.

Tá na duilleoga atá ar an gCailís Mhuire (Drosera intermedia) ar fhad idirmheánach, mar a thuigfeá ón Laidin. Tá duilleoga fada ar an Cailís Mhuire Mhór (Drosera longifolia). Tá duilleoga gearra ar an Drúchtín Móna (Drosera rotundifolia).

Níl gas an bhlátha atá ag an gCailís Mhuire mórán níos faide ná na duilleoga, i gcodarsnacht leis an dá speiceas eile, le gas blátha atá cuid mhaith níos faide ná na duilleoga.

Tá an trí chineál planda le feiceáil go forleathan ar phortach Chois Fharraige.

Osclaíonn na bláthanna beaga bána sa samhradh, ach is iad na duilleoga atá spéisiúil. Is plandaí feoilsúiteacha iad na drúchtíní. Téann feithidí i bhfostú sna ribí greamaitheacha atá ar na duilleoga, dúnann an duilleog isteach ar fhéin le go rachaidh níos mó de ribí na nduilleog i ngreim sa bhfeithid, agus díleánn na plandaí iad leis an sú greamaitheach.

Is mar seo a fhaigheann na drúchtíní na cothaithigh a chuireann ar a gcumas fás i gcréafóg bhocht an phortaigh.

Tá hibrid steiriúil ann, Drosera x belezeana, a thagann nuair a chros-shíolraíonn D. intermedia le D. rotundifolia. Breathnaíonn sé cosúil le D. rotundifolia ach tá bláth cosúil le D. intermedia aige – sé sin ní bhíonn gas an bhlátha mórán níos faide ná na duilleoga.1

  1. Rose, F., O’Reilly, C., Smith, D. P., & Collings, M. (2006). The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. Frederick Warne.