Easpagán; Easpag Speatháin; Bán Mór; Bó Dhonn
Leucanthemum Vulgare
Ox-eye Daisy
Tá an Nóinín Mór (Leucanthemum vulgare) sa bhfine céanna – Asteraceae – leis an Nóinín Coiteann, ach tá sé i bhfad níos airde, agus ní bhláthaíonn sé ach laistigh d’achar gearr sa samhradh.
Is ilbhliantóg dúchasach é agus, mar go scaipeann sé ag úsáid riosóim faoi thalamh, faightear grúpaí mór acu ag fás le chéile, go háirithe ar leataobh an bhóthair. Feictear freisin é ar chiumhaiseanna bóthair ar an bportach, agus ar thalamh féaraigh.
Tá Easpagán agus Easpag Speatháin mar ainmneacha air (www.tearma.ie) agus tá go leor ainmneacha eile ag Niall Mac Coitir (2006), Bán Mór agus Bó Dhonn ina measc.
Tá bláth eile ar an gcladach, an Lus Bealtaine Mara, a bhreathnaíonn cineál cosúil leis.







