You are currently viewing  An Pribhéad Calafoirniach <br><span style='font-size:16px;'>Ligustrum ovalifolium</span>

An Pribhéad Calafoirniach
Ligustrum ovalifolium


Béarla: California Privet

Tréithe Suntasacha na Sceiche

  • Sceach shíorghlas.
  • Bláthanna bána, pirimidiúla le boladh láidir uathu.
  • Duilleoga ubhacha.

An pribhéad Calafoirniach faoi bhláth in iarthar na hÉireann.

Tá an pribhéad Calafoirniach (Ligustrum ovalifolium) sa ngéineas céanna, Ligustrum, leis an pribhéad (Ligustrum vulgare), sceach duillsilteach. Cé go raibh tóir ar an bpribhéad mar phlanda fáil agus ornáide, is é an pribhéad Calafoirniach is mó a chuirtear anois i gairdíní in Éirinn, mar go bhfanann níos mó de na duilleoga ar an gcrann i gcaitheamh an gheimhridh.

In ainneoin ainm an phlanda, is í an tSeapáin agus an Chóiré ceantar dúchais an phlanda seo. Is ón tSeapáin freisin a thagann planda sa ngéineas céanna, an pribhéad Seapánach (Ligustrum japonicum), a chuirtear go minic in Éirinn.

Duilleoga ubhacha ar an bpribhéad Calafoirniach (Ligustrum ovalifolium).
Duilleoga lansacha ar an bpribhéad (Ligustrum vulgare)

Tá pribhéad Calafoirniach an-chosúil leis an bpribhéad, cé nach mbíonn na géaga óga ná an bláthra, clúmhach. Bíonn na duilleoga ar an bpribhéad Calafoirniach níos leithne freisin, agus cruth ubhach orthu.[1] Is iad na bláthanna bána, a fhásann ar phainicilí pirimidiúla, an chuid is suntasaí den phlanda. Bíonn boladh láidir uathu nuair a thagann siad amach sa samhradh. Tagann caora beaga dubha ar an bplanda sa bhfómhar.

Bláthra mór bán ar an bpribhéad Calafoirniach.
Is iomaí bláth beag bán atá mar chuid de bhláthcheann an phribhéid.

Tá an pribhéad seo sa mBreatain ó 1842 agus is in 1939 a rinneadh taifead de ag fás fiáin sa tír sin.[2] Faightear go minic ag fás fiáin é san áit a chaitear dramhaíl gairdín nó gearrthóga tógtha ó bhfálta den sceach. Ní minic a bhláthaíonn sé nó a shíolraíonn plandaí gairdín go nádúrtha, mar go mbíonn sé gearrtha mar fhál.[2] Tá sé an-fhairsing in Éirinn seachas i lár na tíre agus san iarthuaisceart.[2]

Tuilleadh Íomhánna

Tagairtí

1. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.