You are currently viewing An Meacan Mara

An Meacan Mara

Dath Bláth: ,
Cineál Planda: , ,
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Inite?: ,

Raphanus raphanistrum fosp. maritimus

Sea Radish

Tá planda seo ag fás ar chósta Chois Fharraige, é le fáil ach go háirithe ar chlocha duirlinge. Tosaíonn sé ag bláthú san Earrach, ach sula bhfad bíonn an cósta atá os cionn leibhéal na maidhmeanna clúdaithe ag na bláthanna buí seo. Is planda é sa bhfine (clann) Brassicaceae.

Táim beagnach cinnte gur Raphanus Raphanistrum ssp maritimus é seo, an Meacan Mara, nó Sea Radish i mBéarla. Tá na duilleoga croschruthacha suntasach, agus tá capsúl síolta ar leith air (a bheas le feiceáil níos deireanaí sa séasúr) ina bhfuil cruth na síolta le feiceáil go soiléir. Is tréithe iad seo atá ag R. Raphanistrum.

Cloisim an Phraiseach Bhuí mar ainm an phlanda go háitiúil, ach de réir téarma.ie is Sinapsis arvensis (Charlock nó Wild Mustard) an Laidin atá ar an bPraiseach Bhuí, planda atá sa gclann céanna leis an Meacan Mara, ach le duilleog agus síolta difriúla. Ní shin le rá nach bhfuil an Phraiseach Bhuí, ná plandaí eile sa bhfine chéanna, le feiceáil freisin ar chósta Chois Fharraige. Arís, fáiltím roimh aiseolas faoi seo.

Tá go leor plandaí comhchosúla sa bhfine Brassicaceae. Thugtaí Cruciferae ar an bhfine seo, mar ar chruth na nduilleoga, agus tá go leor acu an-chosúil lena chéile. Tá an Tornapa Fiáin (Brassica rapa) agus an Ráib (Brassica napus) le feiceáil go háitiúil freisin, ach deacair go maith iad a aithint óna chéile uaireanta. Tagann síolta na bplandaí seo isteach go minic ar chréafóg nua a thugtar anoir as áiteanna le talamh mhaith, agus is iad a fheictear ar dtús nuair a thosaíonn an fás arís.

Tá planda mar é le bláthanna bána air – agus glacaim leis gur fospeiceas é den Mheacan Mara, agus mar sin áirím anseo freisin é.