You are currently viewing Eabhar Mara

Eabhar Mara

Cineál Planda:
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Stádas:

Ramalina cuspidata/Ramalina siliquosa

Sea Ivory

Tá Eabhar Mara (sa speiceas Ramalina), léicean briosc buíghlas, le feiceáil ag fás ar chlocha in aice na farraige. Faightear ar chlocha siliciúla iad, cosúil leis an eibhear seo ar chladach Chois Fharraige, agus mar sin tá siad forleathan i gConamara agus ar chósta iarthair na hÉireann.

Cosúil le léicin eile, is alga agus fungas atá ann, ag fás le chéile. Tá sé an-deacair idirdhealú a dhéanamh idir Ramalina cuspidata agus Ramalina siliquosa, cé go bhfuil doirsíní (ostioles)  – poill bheaga – dubha ar Ramalina cuspidata (cosúil leis an ngrianghraf seo?).