You are currently viewing An Ghlúineach Bhiorach

An Ghlúineach Bhiorach

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Fine:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth: ,
Stádas: ,

Reynoutria japonica

Japanese Knotweed

Ní chuirtear fáilte roimh chuile phlanda atá ag fás i gCois Fharraige. Tá an Ghlúineach Bhiorach (Reynoutria japonica nó Fallopia japonica) ag scaipeadh sa gceantar. Tá sé anois i ngarrantaí agus ar leataobh an bhóthair, agus fiú ag fás aníos as na clocha duirlinge.

Is léir nach gcuireann foisceacht na farraige ná easpa ithreach na duirlinge isteach ná amach ar an bplanda, agus bheadh faitíos orm go scaipeadh sé fud fad chósta Chois Fharraige mura gcuirfear stop leis.

Ceaptar gur sa naoú haois déag a tháinig an planda go hÉirinn, ag am a raibh an-tóir ar phlandaí andúchasacha na hÁise.