You are currently viewing An Chabróis Mhara Mhór

An Chabróis Mhara Mhór

Dath Bláth: ,
Cineál Planda: ,
Fine:
Gnáthóg: , ,
Faoi Bhláth: ,
Stádas:
Fairsinge:

Corrán Mara Mór

Spergularia media

Greater Sea-spurrey; Sea-spurry; Media Sandspurry

Tá an Chabróis Mhara Mhór (Spergularia media) le feiceáil ag fás ar thomacha gainimh i measc na gclocha cladaigh. In ainneoin an ainm, is bláth beag é seo nach dtarraingeodh d’aird mura mbeifeá ag faire amach dhó.

Is planda ramhardhuilleach é, le duilleoga fada, caola, bioracha.  

Tá speicis eile den Chorrán Mara (ainm eile atá ag an bplanda) ann, ach ní fhaca mé fós iad i gCois Fharraige. Tá an Chabróis Mhara Bheag cosúil leis an gceann mór, seachas go bhfuil na seipil níos faide ná na peitil, agus tá 7 staimín nó níos lú aige.