You are currently viewing An tSailchuach Chon

An tSailchuach Chon

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:
Fairsinge:

Fanaigse; Bíodh-a-Leithéid; Cogal Gorm; Plúirín

Viola riviniana

Common Dog-violet

Tá an tSailchuach coitianta i gCois Fharraige san Earrach. Bíonn na bláthanna beaga corcra le feiceáil ar thaobh na mbóithríní, i bhfolach sa bhféar, sna driseacha agus sa tsean-raithneach. Is í seo an tSailchuach Chon (Viola riviniana) – tugtar an Fanaigse uirthi freisin. Tá roinnt speiceas eile de Viola ag fás in Éirinn, ach ní fhaca mé ach an ceann seo go fóilleach i gCois Fharraige.

Is cosúil go bhfuil an tSailchuach Chon an-chosúil leis an tSailchuach Luath (Viola reichenbachiana), seachas go bhfuil an “spor”, an píosa sin den bhláth atá ag gobadh amach ó chúl an bhlátha, níos dorcha ná dath na bpeiteal ar V. reichenbachiana, agus níos gile ná dath na bpeiteal ar V. riviniana.

Tá ainmneacha eile ag Niall Mac Coitir (Ireland’s Wild Plants, 2006) ar an tSailchuach Chon – Bíodh-a-Leithéid, Cogal Gorm agus Plúirín. Tugtar Dog-violet ar an mbláth seo i mBéarla mar nach bhfuil boladh ó mbláth – b’fhéidir gur as sin a tháinig an “Con” sa nGaeilge, nó vice versa?