You are currently viewing  An Fheá <br><span style='font-size:16px;'>Fagus sylvatica</span>

An Fheá
Fagus sylvatica

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog: , , ,
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta: ,
Inite?:

Ainmneacha Eile: Crann Feá, Fáibhile, Fáidhbhile[1], Fáibhile Rua (Feá Rua), Fáibhile Crón

Téarmaí Gaolmhara: Meas Fáibhile, Doire Feá (clampa feá)

Béarla: Beech


Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Crann ard, craobhach
  • Coirt mhín, fiú i gcrainnte ársa
  • Duilleoga boga, ubhacha
  • Cnónna uilleannacha i gcrotal spíonlach

Crann feá i gcoill feá i gCo. na Gaillimhe.

An Fheá san Eoraip agus in Éirinn

Is crann mór, ard, duillsilteach í an fheá. Ceaptar gur ó phobal beag crainnte, a mhair tríd an oighearaois dheiridh, a leath an fheá trasna na hEorpa.[2] Is crann í atá fairsing anois ar fud na hEorpa – ón tSicil go deisceart na hIorua.[2] Ní mhaireann sí níos faide ó thuaidh mar go bhfuil  séasúr fáis fada (os cionn 140 lá) ag teastáil ón gcrann.[2] Faightear an crann chomh fada soir leis na Sléibhte Cairp. Is í an fheá oirthearach (Fagus orientalis), atá in oiriúint níos fearr do haeráid ilchríochach, atá níos coitianta soir uaidh sin.[2] Tá an fheá anois curtha go forleathan taobh amuigh dá réimse dúchais.[3]

Tá an fheá in ann airde mhór a bhaint amach.

Cé go bhfuil an fheá i ndeisceart na Breataine le timpeall 5,000 bliain[4] (in ainneoin go raibh sé ar cheann de na crainnte deireanach a tháinig chun na Breataine tar éis na hoighearaoise)[3] ní crann í a tháinig go hÉirinn go nádúrtha. Ní fios cén uair ar tugadh an fheá isteach go hÉirinn, ach b’fhéidir gur tháinig sí leis na Normannaigh, a bhí eolach go maith faoin gcrann.[1] Bhí an tóir ar an gcrann in Éirinn agus cuireadh go forleathan í. Tá sí anois nádúraithe in Éirinn, ag an leibhéal go bhfuil coillte feá ag fás ar thalamh tirim ar fud na tíre.[1, 3] Tá an fheá forleathan in Éirinn anois seachas sna ceantracha feannta ar an gcósta iartharach.[3]

Tá an fheá in ann ag coinníollacha difriúla. Tá sí ar an gcrann duillsilteach is scáthfhulangaí ina ceantar dúchais,[2] tréith a chuireann ar chumas na gcrainnte óga maireachtáil faoi scáth na bhfeánna lánairde. Fásann sí in ithir alcaileach nó aigéadach (cé nach bhfuil sí in ann fás i gcréafóg atá an-aigéadach)[2] agus atá réasúnta torthúil. Tá créafóg atá draenáilte go maith uaithi[3] agus ní fhásann sí go maith i dtalamh atá báite go rialta.[2] Tá sí leochaileach do thriomach agus gálaí mar nach mbíonn fréamhacha domhain ag an gcrann.[4]

Airde, Aois, agus Cuma na Feá

Is crann mór, ard í an fheá atá in ann 30-40m a bhaint amach, agus uasmhéid de 50m i gcásanna eisceachtúla. Tá sé éagsúil ó chrainnte eile mar go leanann sé ar ag fás go bhfuil aois mhaith ag an crann.[2] In Éirinn is iondúil go bhfásann an fheá go 30m[1] – is 39m atá an fheá is airde sa tír, i gCo. Mhuineacháin.[5] Cé go bhfuil an fheá sa bhfine céanna leis an dair, ní crann fadsaolach é. Is iondúil nach maireann sí níos faide ná 150-300 bliain[2] (b’fhéidir 200 bliain in Éirinn).[1] Crannbhrat mór a bhíonn ag an bhfeá, agus is go cothrománach a fhásann na craobhacha amach ón stoc.

Is crann láidir, craobhach é an fheá.

Coirt agus Duilleoga

Is iondúil gur stoc amháin a bhíonn ar an gcrann[2] agus is san an-mhéid a bhíonn sé i gcrainnte lánfhásta.[4] Is dath liath nó dath an airgid a bhíonn ar an gcoirt,[2] agus is furasta an fheá a aithint sa ngeimhreadh ó chrainnte móra duillsilteacha eile amhail an fhuinseog (Fraxinus excelsior) nó an dair (Quercus spp) mar go mbíonn coirt na feá mín – ní thagann scoilteanna ann le haois,  fiú i gcrainnte lánfhásta.[1] Géaga tanaí a bhíonn ar an gcrann, agus bíonn bachlóga na nduilleog fada, biorrach, agus is dath deargdhonn a bhíonn orthu sa ngeimhreadh.[1]

Dath deargdhonn a bhíonn ar bhachlóga duilleoige fada na feá sa ngeimhreadh.
Bíonn coirt gheal na feá mín, fiú ar chrainnte le haois mhór acu.
Tá duilleoga boga, simplí ag an bhfeá. Bíonn na himill corrach, agus bíonn na himill clúmhach freisin ar dhuilleoga óga.

Is cruth ubhach nó éilipseach a bhíonn ar na duilleoga.[1] Bíonn dromchla féitheach ar na duilleoga agus bíonn ribí gruaige ar imill agus ar fhéitheacha na nduilleoga óga.[6, 7] Dath líoma-ghlas a bhíonn ar na duilleoga óga, athraíonn siad go dath níos dorcha le linn an tséasúir fáis, agus caileann siad na ribí gruaige ón imeall.[2] Ní imeall na nduilleoga an-fhiaclach, i gcomparáid leis na duilleoga fiaclacha a bhíonn ar an gcrann sleamhain (Carpinus betulus), crann a bhreathnaíonn a cosúil les an bhfeá. Bíonn imeall na nduilleog corrach. Bíonn na duilleoga a bhíonn sa ngrian níos lú agus níos cruaite ná na duilleoga móra a bhíonn sa scáth.[4] Coinníonn an fheá a cuid duilleoga feoite ar an ngéag sa ngeimhreadh. Is í seo an chúis seo a chuirtear an fheá go minic mar fhál.

Bláthanna agus Torthaí

Cupúl na feá.
An cupúl ag oscailt sa bhfómhar.
Síol na feá – cnó.

Is crann moinéiciach í an fheá – bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Tosaíonn na crainnte ag bláthú nuair a bhíonn siad timpeall 30-50 bliain d’aois.[2, 4] Is ar ghais fhada a chrochann na caitíní beaga fireanna ón gcrann. Is i bpéirí a fhásann na bláthanna baineanna agus iad timpeallaithe ag tiomchla. Éiríonn an tiomchla adhmadach tar éis don ghaoth na bláthanna a phailniú, agus clúdaítear sa gcupúl – crotal spíonlacha – na síolta.[7] Bíonn ceann nó péire de chnónna feá – síolta uilleannacha – istigh sna crotail spíonlacha.[2] Tagann na cnónna chun aibíochta idir Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair, agus titeann siad i mí na Samhna.

Cosúil leis an dair, bíonn blianta measa ag an bhfeá ina gcruthaítear líon mór síolta (gach 5-8 bliain). Go hiondúil tarlaíonn sé seo sna séasúir i ndiaidh blianta te.[2] Amhail an dair, péacann na cnónna san Earrach dár gcionn. Tá na crainnte óga scáthfhulangach seachas nuair atá siad faoi scáth na feá fhéin.[4]

Éiceolaíocht na Feá

Is foinse bheatha iad síolta na feá d’ioraí rua agus d’éin cosúil leis an gcolúr coille (Columba palumbus) and scréachóga choille (Garrulus glandarius). Cuidíonn an fiadhúlra seo leis an gcrann iomadú freisin, mar gur minic nach dtagann siad ar ais chuig na síolta a chuirtear i bhfolach.[2]

Bíonn an talamh i coillte feá faoi scáth ag ceannbhrat dlúth na nduilleog agus clúdaithe freisin ag cairpéad de dhuilleoga agus crotail feoite na síolta. Ní mhaireann sna coinníollacha sin ach plandaí scáthfhulangacha.[4] Le rudaí níos deacra a dhéanamh do phlandaí eile, súnn fréamhacha éadomhain na feá an t-uisce atá timpeall ar an gcrann.

Ach bíonn na coinníollacha seo in oiriúint do phlandaí an-annamh, nach bhfuil mórán clóraifille iontu, amhail an magairlín neide éin (Neottia nidus-avis) agus an buíán sailí (Monotropa hypopitys), plandaí.[4] Mar nach bhfuil mórán plandaí eile in ann scáth na feá a sheasamh, ná dul in iomaíocht le fréamhacha éadomhain an chrainn chun uisce talún a fháil, is minic gurb iad an t-aon speiceas de chrann atá ag fás sa gcoillearnach.[4]

Clúdaíonn duilleoga na feá talamh na coille sa ngeimhreadh.

Úsáid na Feá

Tá adhmad geal na feá crua, mín, agus trom. Scoilteann sé agus casann sé go héasca nuair a thriomaíonn sé,[4] ach is níos fearr ná dair atá sé má stálaítear i gceart é. Úsáidtear é le troscán, urláir agus veinír a dhéanamh, agus i ndeileadh adhmaid freisin.[1] Déantar uirlisí cistine amhail babhlaí, plátaí, agus spúnóga as an adhmad freisin.[2] Dóitear an fheá freisin. B’iad an crann sleamhain (bunscoite) agus an fheá (barrscoite) a sholáthar formhór an adhmaid tine i Londain san am atá caite.[4] Dhéantaí tochtanna le duilleoga feoite na feá – dheirtí gur níos compordaí ná tuí a bhídís.[8] Maítear go bhfuil an fréamh céanna ag an t-ainm Béarla don chrann, beech, agus an focal Gearmánach buch (leabhar), mar go scríobhtaí ar adhmad na feá.[9]

Úsáidtear an fheá mar sceach fáil mar go bhfanann na duilleoga feoite air sa ngeimhreadh.

Cé go bhfuil an fheá duillsilteach, coinnítear na duilleoga feoite ar an ngéag sa ngeimhreadh. Tugtar marcescence ar an tréith seo, agus tá sé ag an dair freisin.[10] Mar gheall ar an tréith seo, tá tóir ar an bhfeá mar sceach fáil a thugann príobháideachas agus foscadh.

Tá coda den chrann inite. Bhíodh gasúir i Sasana ag ithe na duilleoga óga[11] agus déantar licéar astu freisin, measctha le gin agus mil.[1] Cé go n-itear na cnónna, maítear go bhfuiltear nimhneach freisin. In ainneoin sin, déantar caife as na cnónna bruite, agus is féidir ola a bhaint astu freisin.[8] Tugtar meas ar chnónna na feá, agus is foinse bheatha thábhachtach iad do mhuca. Ceaptar gur ón bhfocal Gréigis phagein, a chiallaíonn “ithe” a tháinig an t-ainm géineasach Fagus, agus gur tagairt í seo don bhfeá mar bheatha do bheostoc.

Is beag béaloidis a bhaineann leis an bhfeá. Bheifeá ag súil go mbeadh sé seo amhlaidh in Éirinn, mar gur le déanaí a tháinig an crann chuig an oileán seo. Ach tá sé seo fíor freisin sa mBreatain, áit a raibh an crann leis na millte bliain.[12]

Saothróga na Feá

An fheá rua.

Is saothróg den fheá (Fagus sylvatica) é an fheá rua (Fagus sylvatica purpurea) ar a bhfásann duilleoga corcra nó deargdonn. Tosaíodh ag fás an fheá rua i deméiní Éireannacha ag deireadh an 80ú aois.[1] Is crann é seo a tháinig trí sheans san Eoraip – in 1680 san Eilvéis, in 1722 sa nGearmáin, agus in 1840 san Iodáil. Cé go bhfuil sceacha le duilleoga corcra coitianta in Éirinn, tá an fheá rua ar an bplanda is mó le duilliúr corcra aige.[13] Is saothróg eile í an fheá shillte (Fagus sylvatica ‘Pendula’) atá coitianta in Éirinn. Crochann na géaga anuas ón gcrann. [1]


Tagairtí

1. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.

2. Durrant, T.H., D. De Rigo, and G. Caudullo, Fagus sylvatica in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 94-95.

3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

4. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.

5. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.

6. Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.

7. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

8. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.

9. Pierce, M., The book and the beech tree revisited: The life cycle of a Germanic etymology. Historische Sprachforschung/Historical Linguistics, 2006: p. 273-282.

10. Heberling, J.M. and R.-M. Muzika, Not all temperate deciduous trees are leafless in winter: The curious case of marcescence. Ecosphere, 2023. 14(3): p. e4410.

11. Vickery, A.R., Traditional Uses and Folklore of Hypericum in the British Isles. Economic Botany, 1981. 35(3): p. 289-295.

12. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.

13. Nonić, M.Ž., et al., Variability of Quantitative and Qualitative Characteristics of Fagus sylvatica ‘Purpurea’Clones Produced by Grafting. Notulae Botanicae Horti Agrobotanici Cluj-Napoca, 2017. 45(2): p. 400-407.