You are currently viewing  An Dair Ghaelach <br><span style='font-size:16px;'>Quercus petraea</span>

An Dair Ghaelach
Quercus petraea

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog: , ,
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta: ,
Úsáid: , , , , ,

Ainmneacha Eile: Dair Neamhghasánach

Ainmneacha Ginearálta: Crann Daróige, Rí na Coille, Ráil (gin. rálach)

Téarmaí Gaolmhara: Caol-daoire agus dairbheog (fáschoill dharach), dairbhre (áit dharach), doire (garrán nó clampa daracha)

Béarla: Sessile Oak, Irish Oak, Cornish Oak


Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Duilleoga maothánacha ar ghas > 1cm
  • Dearcáin ag fás díreach ón ngéag (gan gas)
  • An dair is coitianta san iarthar

Réamhrá

Tá dhá speiceas dúchasach den dair in Éirinn, an dair Ghaelach (Quercus petraea) agus an dair ghallda (Quercus robur). Is níos fairsinge in Éirinn atá an dair Ghaelach ná an dair ghallda. Ní i gcónaí a bhíonn sé éasca idirdhealú a dhéanamh eatarthu mar go mbíonn difríochtaí moirfeolaíochta (sna duilleoga agus sna dearcáin) idir plandaí sa speiceas céanna. Anuas ar sin, hibridíonn siad lena chéile agus bíonn tréithe ag an hibrid (Quercus x rosacea) atá idirmheánach idir an dá chrann.[3]

An Dair in Éirinn

Maítear, ó anailís ar thaifid pailine, gur tháinig an dair isteach go hÉirinn ón deisceart, trasna an Mhuir Cheilteach, 9,000 bliain ó shin, agus gur thóg sé timpeall 1000 bliain eile ar an gcrann a bhealach a dhéanamh uaidh sin go tuaisceart an oileáin.[4]

Fásann an dair Ghaelach ar fud na tíre, cé go bhfuil sé níos coitianta in iarthar na tíre ná mar atá sé i lár na tíre agus ar an  gcósta thoir.[5] Tá an crann compordach in gcréafóg atá aigéadach agus draenáilte go maith. Níl doimhneacht mhór chréafóige ag teastáil uaidh, agus tá sé níos scáthfhulangaí ná mar atá an dair ghallda.[5] Níl mórán glacadh ag an dair Ghaelach le tuillte, agus is níos compordaí atá sé ar thalamh chrochta.

Aois agus Airde

Is crainnte fadsaolacha iad – bíonn dair ársa os cionn 400 bliain d’aois, ach tá daracha ann atá os cionn 1000 bliain d’aois. Bíonn ráta fáis tapaidh acu don chéad 100 nó 200 bliain, ach laghdaíonn an ráta fáis ina dhiaidh sin. Is iondúil go mbíonn barr leathan ag an dair ghallda agus bíonn an dair Ghaelach níos dírí. Tá an dair Ghaelach in ann 40m in airde a bhaint amach, ach sroicheann formhór na gcrainnte móra 30m[6] agus faightear crainnte beaga feosaí in áiteanna feannta, go háirithe ar phortaigh an iarthair, ar thalamh bhocht, agus ar chnoic.

Tá solas freisin ag teastáil ón dair le go ndéanfaidh sé crann mór – bíonn crainnte a fhásann sa scáth feosaí, le stoc lúbtha. Tá an dair Ghaelach in ann scáth a sheasamh níos fearr ná an dair ghallda (Quercus robur), ach is fearr leis an dá chrann neart gréine.[5]

Coirt na darach.
Bachlóga duilleoige ar an dair.
Duilleoga ar an dair Ghaelach. Is iondúil go mbíonn níos mó maothán ar na duilleoga a bhíonn ar an dair Ghaelach le le hais na ceanna a bhíonn ar an dair ghallda.

Bíonn socfhréamh ag an dair a dhaingníonn an crann sa talamh le cosaint a thabhairt ón ngaoth agus le gur féidir leo tarraingt ar uisce atá níos doimhne nuair a bhuaileann triomach iad.[3] Bíonn coirt gheal dhonn an chrainn óg mín, agus scoilteanna sé le haois.[6] Is géaga neamhchlúmhacha a bhíonn air.

Na Duilleoga

Mar go bhfuil siad leochaileach do shioc, ní thagann duilleoga ar an dair go dtí deireadh Aibreáin nó tús Bealtaine. Bíonn na duilleoga maothánacha níos faide ná mar atá siad leathan, agus is os cionn lár na duilleoige a bhíonn an leithead is mó. Bíonn idir 5 agus 6 maothán ar chaon taobh den dhuilleog. Bíonn peitín (gas) na duilleoige timpeall 1cm ar fhad, cuid mhaith níos faide ná peitín dhuilleoga na ndarach gallda. Bíonn ribí gruaige réaltchruthacha in ascaill na bhféitheacha ar thaobh íochtair na nduilleog ar an dair Ghaelach, tréith nach mbíonn ar na duilleoga a bhíonn ar an dair ghallda.[7, 8] Tagann dath corcra, buí, agus oráiste ar dhuilleoga daracha sula dtiteann siad sa bhfómhar.

Bláthanna agus Torthaí

Tá an dair Ghaelach moinéiciach. Is ar chaitíní glasa (5cm) a bhíonn na bláthanna fireanna agus osclaíonn siad san Earrach, sula dtagann na duilleoga amach. Bíonn idir 1-5 bláth ar na caitíní beaga dearga baineanna, a fhásann i mbraislí ar an gcraobh.[6] Cé go ngineann siad neachtar a mheallann feithidí, is í an ghaoth an modh pailnithe is mó atá ag an dair.[9]

Fásann na bláthanna baineanna a bhíonn ar an dair ghallda ar ghas gearr ar dtugtar sealgóg. Ní bhíonn sealgóga ar na bláthanna baineanna a bhíonn ar an dair Gaelach – is ag fás díreach amach ón ngéag a bhíonn siad.[10]

Scaoileann na bláthanna fireanna a gcuid pailine in Aibreán agus Bealtaine, scaiptear le gaoth é, agus tar éis dóibh pailniú athraíonn na bláthanna baineanna go torthaí na darach faoin am a dtagann an fómhar. Is dearcán é toradh na darach, síol mór lonrach atá suite laistigh de chupán adhmadach. Dath glas a bhíonn ar na dearcáin óga, agus athraíonn siad go dath donn sula dtiteann siad.

Mar go mbíonn braislí de bhláthanna baineanna ar an dair Ghaelach, is i mbraislí freisin a bhíonn na dearcáin ar an ngéag, agus mar nach mbíonn sealgóg ag na bláthanna, ní bhíonn sealgóg ag na dearcáin (ach bíonn sealgóg ag na dearcáin a bhíonn ar an dair ghallda). Is mar gheall ar seo a thugtar dair neamhghasánach ar an dair Ghaelach freisin. Tugtar sessile (suiteach i nGaeilge) oak ar an dair Ghaelach i mBéarla mar nach féidir leis na dearcáin bogadh – tá siad suite ar an ngéag mar nach bhfuil aon ghas acu.

Bláthanna fireanna na darach.
Dearcán glas ar an dair Ghaelach.

Is iondúil go mbíonn crann darach ar a laghad 20-40 bliain sula dtairgeann sé barr mór dearcáin, agus bíonn bliain mheasa ag an dair mheasa (bliain ar leith i saolré an chrainn ina dtáirgeann sé go leor dearcán) gach 3-7 bliain. I mblianta nach blianta measa iad, d’fhéadfaí nach mbeadh dearcán ar bith ar an dair.[9]

Ní mhaireann na dearcáin ach ar feadh roinnt seachtainí mura gcuireann siad síos rúta, agus is iondúil go ndéantar sin chomh luath agus a thiteann siad. Bíonn tréimhse fhuar ag teastáil le linn an gheimhridh sular féidir leis na dearcáin péacadh san Earrach. Tugann cothaithigh an dearcáin gach deis do na crainnte óga iad a fhéin a bhunú sa gcréafóg. Mairfidh siad sa scáth ar feadh roinnt blianta, ach bíonn solas ag teastáil ón dair le gur féidir leis crann mór a dhéanamh.[9]

Dearcán ag péacadh.

Is féidir le dearcán fréamhán a fhás go gairid tar éis dó titim, ach bíonn séasúr fuar ag teastáil uathu sula bpéacann siad san Earrach ina dhiaidh. Ní bhíonn dearcáin inmharthana ach ar feadh cúpla seachtain tar éis dóibh titim, agus maraíonn sioc nó triomach iad go héasca. Bíonn solas ag teastáil uaidh na crainnte óga, agus ní mhaireann siad faoi scáth na ndarach móra.

Éiceolaíocht na Darach

In Éirinn, fásann daracha i coillte in éineacht le cineálacha éagsúla crainnte eile, ag brath ar choinníollacha créafóige. Fásann an dair Ghaelach in éineacht leis an mbeith (Betula spp.) agus an cuileann (Ilex aquifolium) in ithir aigéadach atá tirim nó tais ach nach bhfuil leathbháite. Mura bhfuil an ithir an-aigéadach, feictear an coll (Corylus avellana) nó fuinseog (Fraxinus excelsior) leo freisin. Fásann an dair ghallda in éineacht leis an gcoll agus an bhfuinseog in ithir atá alcaileach (ar nós ithir aolchloiche) tirim, agus draenáilte go maith.[11]

Scaipeann mamaigh agus éin, go háirithe an scréachóg choille (Garrulus glandarius), na dearcáin. Bailíonn scréachóga dearcáin agus cuireann siad i taisce iad – tá éan amháin in ann na mílte a chur sa talamh gach fómhar. Dar ndóigh, mar nach n-itheann siad gach ceann, tá ról tábhachtach ag na héin seo lena chinntiú go bhfásfaidh crainnte daracha nua i coillte na hÉireann.[3]

Ceaptar go bhfuil níos mó feithidí ag brath ar an dair ná ar aon chrann dúchasach eile sa mBreatain[9, 12] agus chuile sheans go bhfuil an rud céanna fíor in Éirinn. Déanann crainnte daracha lánfhásta ceannbhrat oscailte a scaoileann solas síos go sraith talún na coille, a théann chun sochair bláthanna coille an Earraigh – coinnle corra (Hyacinthoides non-scripta), sailchuachanna (Viola spp.), agus creabhanna (Allium ursinum), ina measc. Is foinse bheatha freisin iad na feithidí a mhaireann ar an gcrann go héin agus do chreachadóirí eile. Amhail crainnte eile, saibhríonn duilleoga lofa an chrainn an ithir.

Maraon le speiceas ar bith eile, tá an dair leochaileach d’ionfhabhtú ó bhaictéir agus fungais, agus d’ionradh ó fheithidí. Thug nóta gan dáta, scríofa ar phíosa veillim agus sáite isteach i Leabhar Buí Leacáin (ón 14ú nó 15ú aois) le fios nár fhág ionfhabhtú ón leamhan, Tortrix viridana, duilleog amháin fhéin ar na daracha i gcríocha Uí Fhlaithearta in iarthar Chonnacht.[13]

Gálfhoichí

Gál ar an dair Ghaelach.
Gáil a chruthaigh an gálfhoiche Neuroterus quercusbaccarum ar dhuilleoga na darach.
Gál le cruth cuiriní ar bhláthanna na darach.

Tá timpeall 30 speiceas de ghálfhoiche in Éirinn, agus is iad is cúis leis na gáil a fheictear ar chrainnte daracha. Tá go leor bealaí éagsúla a dhéantar na gáil seo, ach is iondúil go mbeireann an fhoiche bhaineann ubh i mbachlóg duilleoige. Tálaíonn siad substaint a athraíonn próiseas forbartha na bachlóige. Forbraíonn an crann clúdach timpeall ar an larbha. Tugann sé seo cosaint dó go dtí go ndéanann sé meiteamorfóis go foiche.

Gál cruthaithe ag an ngálfhoiche Andricus quercuscalicis.
Gál cruthaithe ag an ngálfhoiche Andricus quercuscalicis.

Is gálfhoiche ar leith é Andricus quercuscalicis a tháinig isteach go hÉireann am eicínt sna 1980aí.[6] Is foiche é a bhíonn ag brath ar an searbhdhair (Quercus cerris) chomh maith leis an dair ghallda. Is iondúil go mbíonn gáil sféarach, ach cruthaíonn an ghálfhoiche seo gál le cruth neamhghnáthach, maothánach, le go leor gobtha cuislithe air. Más i mbachlóg dearcáin a bheirtear na huibheacha, fásann an gál cuislithe ar an dearcán. Ar chúis éigean nach dtuigeann eolaithe, ní fhásann na gáil uathúla seo ar an dair Ghaelach – is ar an searbhdhair (Quercus cerris), an dair ghallda (Quercus robur), agus ar an hibrid idir an dair Ghaelach agus an dair ghallda (Quercus x rosacea) a bhíonn siad.[14]

Tugadh isteach an gálfhoiche Andricus kollari, a dhéanann gáil sféaracha ón Meánoirthear go Devon Shasana sna 1930aí le go bhféadfaí na gáil a úsáid le dathú agus déantúsaíochta dúiche (tá aigéad tainneach sna gáil).[15] Tá saolré casta ag na feithidí beaga seo agus bíonn speiceas eile den dair, an searbhdhair (Quercus cerris), ag teastáil uathu le gur féidir leo iomadú.

Is í an gálfhoiche Neuroterus quercusbaccarum (an common spangle gall wasp i mBéarla) is cúis leis na gáil a bhíonn i bhfoirm dioscaí donnbhuí in íochtar duilleoga daracha. Titeann na gáil go talamh sa bhfómhar agus tagann gálfhoichí baineanna amach as na huibheacha atá istigh sna gáil. Is iad na gálfhoichí baineanna seo is cúis leis na gáil sféaracha glasa nó dearga (breathnaíonn siad cosúil le cuiríní) a bhíonn ar chaitíní fireanna na darach.

Úsáid agus Traidisiúin na Darach

An dair Ghaelach ar shliabh phortaigh i gConamara.

Bhí ról lárnach ag an dair i sochaí agus i dtraidisiúin na gcultúir éagsúla a mhair ar fud na hEorpa. Ón gcianaimsir, tá an dair fairsing mar shiombail ar bhoinn agus ar bhratacha.[3] B’acmhainn criticiúil a bhí sa dair do mhuintir na hÉireann freisin. D’fhéadfadh crann amháin dóthain dearcáin a sholáthar (i mbliain mhaith) le muic amháin a bheathú ar feadh bliana.[13] Is mar gheall ar thábhacht na darach a airíodh an dair (is minic nach ndéantar idirdhealú idir an dá chineál dair sa seanchas faoin gcrann) sna airig fedo sa bhFéineachas.

Tóchair, Crannóga, agus Báid

Dhéantaí tóchair as adhmad darach – is cláir 2m ar fhad atá sa tóchar sa gCorr Liath, Co. Longfoirt, atá beagnach 2,000 bliain d’aois.[16] Maítear go bhfuil tóchar nó fulacht fiadh a nochtaigh an fharraige ar an gcósta taobh thiar den Spidéal, Co na Gaillimhe, in 2014 níos sine fós.[17]

Is as dair a déanadh crannóg, sa gCré-umhaois,[18] i mBaile an Doire, Co. na hIarmhí. Aimsíodh chomh an bád scaobtha déanta as dair a bhí os cion 7m ar fhad san áit chéanna.[19] Aimsíodh bád eile, in Eadargúil, Co. na Gaillimhe, atá beagán le cois 15m agus atá beagnach 4,000 bliain d’aois.[20]. Bhíodh na báid seo fairsing ar lochanna na tíre, Loch Coirib san áireamh, de réir an taifid thíos, ó Eanach Dhúin, Co na Gaillimhe.

“Tá cruthughadh maith againn go raibh na Danair ar loch Coirib mar tá na sean bháid darach le feiceáil ar thóin an locha fós. Tá dá ceann aca ann. Ceann aca i n-aice Oileán an Aol agus ceann taobh amuigh den Céibh. Rinneadh íarachtaí íad do thógaint aníos acht theip ar na daoine a bhí gh’á déanamh.”

Bailiúchán na Scol, Iml:0024, Lth:0006

Aimsíodh bád eile, an ceann is mó sa tír, in aice le hEanach Chaoin, Co. na Gaillimhe. 12m ar fad atá sé, agus 4,500 bliain d’aois.[21]  Tugann fad na mbád seo leid dúinn faoi méid na ndarach a bhí ag fás ag an am, gan trácht ar an obair a bhí i gceist lena leithéid a dhéanamh. Thugtaí dair-theach ar shéipéal fadó. Tá tagairt dóibh sa mBretha Comaithchesa[13] agus i mBailiúchán na Scol. Is aireagal adhmaid é an dairtheach freisin.

Dhéantaí ábhar tí as adhmad na darach freisin (tá pictiúir den soitheach sa lámhscríbhinn):

“Fuair Éamonn Mac Lachlainn an soitheach seo, Mí na Bealtaine 1931. Buachaill óg é ata na chomhnuidhe igCeathramha-na-gCanonach ‘sa pharóiste seo. Bhí sé ag baint monadh agus sgraitheach, ins an phortach tuairim ar 400 slat ar an taobh thíar den sgoil igCeathramha-na-gCanonach, nuair a fuair sé é shíos ‘san mhóin. ‘Sa deanamh agus ‘sa mhéid bhí sé comhsamhail leis an dreacht ar an taobh thall. Ní rabh fhios aige gur rud ársach luachmhar é agus bhí sé na luighe ag cloich a bhaic le tiormughadh agus le doitheadh. Chuir mise isteach go dtí an t-Árd Museum imBaile a’ Cliath é: chuir siad suim mhór ann agus tá sé le feiceal aca anois. Soitheach ime é deannta de phíosa amháin darach. Níl sé comh mór anois is bhí nuair a tógadh ‘sa phortach é. Tá trí cosa air mar tá le feiceal ‘sa phictiúir. Tá a leitheid iongantach gann ‘sa tír seo. Deirtear go bhfuil sé suas le ceithre mhíle bliadhain daois.”

Bailiúchán na Scol, Iml:1081, Lth:35A

Coill de dharacha.

Adhmad Darach

Tá éileamh mór ar adhmad darach mar go bhfuil sé crua, snasta, agus maireann sé i bhfad. Ach fásann an dair níos moille ná crainnte a tháirgeann bogadhmad, agus is minic go gcaithfear fanacht sular féidir é a bhaint. Bíonn fáinní fáis gar dá chéile san adhmad darach is luachmhara – ní fhaightear é seo gan talamh maith a bheith sna fáschoillte, neart spáis ag na crainnte, agus córas rothlaithe fadtréimhseach a bheith i bhfeidhm (os cionn 150 bliain).[22] [3]

Úsáidtear an t-adhmad i dtionscadal na tógála agus i ndéantúsaíocht troscáin mar gur adhmad crua agus fadmharthanach é. Is í an dair a d’úsáidtí le longa móra a thógáil mar go bhfuil an t-adhmad solúbtha, tá sé in ann uisce a sheasamh, agus tugann gráin agus uigeacht an adhmaid an cumas dó a bheith in ann ag an mbrú agus an t-ualach a bhíonn ar chláir adhmaid na mbád mhóra agus iad ar an uisce.  Bhí an dair an-fheiliúnach le báid agus longa a thógáil freisin mar go bhféadfaí leas a bhaint as cuar nádúrtha na gcraobhacha agus na cláir á ngearradh.[23]

Is minic go ndéantar troscán agus veinír as adhmad darach, chomh maith le hurláir agus breosla (adhmad le dó).[6] Dhéantaí bairillí as an dair mar go gcoinníonn sé leachtanna agus tugann sé blas don fhíon nó an biotáille atá sa mbairille. [3] Is as an dair a dhéantaí cuinneoga freisin.[24]

Úsáid eile na Darach

Is as dair freisin a dhéantaí formhór an fhioghuail a bhí ag teastáil chun iarann a bhruithniú sular tosaíodh ar ghual a dhó. Tosaíodh ag bruithniú iarainn os cionn 2,000 bliain ó shin agus bhí an cheird fairsing ar an oileán seo – tá 79 foirnéis bhruithnithe ón Iarannaois aimsithe ag seandálaithe in Éirinn.[25] Dá thoradh na hoibre seo, chuir an t-éileamh mór ar iarann go leor brú ar na coillte daracha

Tá tainnin sa gcoirt, a d’úsáidí i dtionscadal na súdaireachta chun leathar ar ard-chaighdeán a dhéanamh as craicne ainmhithe.  Dhéantaí dathú dubh ó choirt agus dearcáin an chrainn freisin.[6]  Dheantaí plúr as dearcáin dharacha ar Mhór-roinn na hEorpa,[26] ach níl aon fhaisnéis ann go raibh an cheird sin á chleachtadh in Éirinn.[27]  Cheaptaí go raibh leigheas sna duilleoga, sa gcoirt, agus an dearcáin do thinnis dhifriúla. Is sa gcoirt is mó a bhí leigheas na darach, más fíor do hiontrálacha sna lámhscríbhinní. Thugtaí an sú a bhí fágtha tar éis an choirt a bhruith do chapaill a bhí ag casacht. Leigheas do phian sa mbolg i ndaoine an choirt a ithe, i gCo. na Gaillimhe [24]

Is iomaí tagairt atá don dair i lámhscríbhinní Bhailiúchán na Scol, agus is minic gur ag tagairt siar atá siad don am a raibh an tír brataithe leis an gcrann. Tá cumha le braith sna hiontrálacha seo do na gcoillte daracha agus an méid a cailleadh nuair a gearradh iad. Ach bíonn an saothar darach a chruthaigh ár sinsear agus a fágadh mar uachta againn faoi bhagairt freisin, mar a léirítear sa taifead seo ó Chontae na hIarmhí:

Bhí fear ag obair ar bhruach Loch Ailinne agus thárla do a bheith ag corruigh an ghainimh ar chaoi eicint, agus casadh ar bhádh é a bhí go domhain síos ins an ngainimh thóig sé anios í agus píosa de chrann darach a bhí innti bhí sí tríochadh troigh ar faid, agus deirtear go bí bád Rígh Mhaolseachlainn a bhí innti. Bhí daoinibh as gach áit ag teacht i breathnú uirthi, acht sa deire gearradh suas í agus rinneadh umar muice de phíosa di.[24]

Bailiúchán na Scol, Iml:0731, Lth:004

Ach, cé gur gearradh na coillte daracha, bhí úsáid fhairsing á baint as an dair phortaigh, nó an dair dhubh, mar at thugtaí air. Dhéantaí geataí astu i Co Chiarraí[24] agus ba mhinic iad a úsáid i ndíonta tithe freisin.

“The woods in Drokagh district long ago were mainly of oak. In the bogs there was a plentiful supply of yew, black oak, and bog fir. Houses were all roofed with black oak couples in former times.”

Bailiúchán na Scol, Iml:1015, Lth:439

Scaoileann duilliúr na darach solas síos go talamh.

Eo Mugna

Is crann aitheanta i seanchas na nGael í Eo Mugna – crann le géaga chomh fada sin go bhféadfadh míle duine dul i bhfoscadh fúthu. Cé go dtugann an t-ainm le fios gur iúr (Taxus baccata) a bhí ann, ceaptar gur dair a bhí ann, ach ceann draíochta a raibh dearcáin, úllaí agus collchnónna mar thorthaí air.[6, 28]

Logainmneacha

Léiríonn logainmeacha na tíre cé chomh coitianta agus a bhí an dair fadó, le os cionn míle logainm in Éirinn le tagairt eicínt den dair iontu, de réir taifid ar Bhunachar Logainmneacha na hÉireann.[29] Tá an sampla is suntasaí, doire, a chiallaíonn roschoill darach, le feiceáil i gCo. Doire. Tá an ginideach den sean-fhocal ráil le feiceáil i Railach, i gCo. Dhoire, agus Droim Ralach i gCo. Fhear Manach, freisin. Tá omna, focal eile don dair, le fáil i gCo. na Gaillimhe:

“Cialluigheann Omna crann darach agus luigheann an t-ainm Áth Omna nó Port Omna le reásún i ngeall air a raibh de chrainnte darach ‘sna coillte.”

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0219


Crann Náisiúnta na hÉireann

Crann darach (Q. petraea) sa ngeimhreadh.

Is i 1990 a bronnadh an stádas mar chrann náisiúnta na hÉireann ar an dair Ghaelach. Bhí seastán ag an Stát ag taispeántas gairneoireachta sa tSeapáin agus bhí crann náisiúnta le bheith luaite le gach seastán. Os rud nach raibh a leithéid ag Éire, thapaigh an Taoiseach ag an am, Charles Haughey, an deis an onóir a thabhairt don dair Ghaelach.[2]

Ní fhéadtaí a rá go bhfuil aon cheo speisialta faoin gcrann seo thar aon chrann dúchasach eile in Éirinn. Níl an dair Ghaelach eindéimeach go hÉirinn – síneann a cheantar dúchais trasna na hEorpa, soir chomh fada le sléibhte na hÚraile. Go deimhin, ceaptar gur gearradh an oiread sin de chrainnte daracha nach stoc Éireannach iad formhór na gcrainnte atá ag fás anseo anois.[2] Maitear go mb’fhéidir go bhfuil iarrthóirí níos cáilithe, an t-iúr (Taxus baccata) ina measc,[7] don onóir atá ag an dair Ghaelach faoi láthair.



Tagairtí

1.            Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.

2.            Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.

3.            Eaton, E., et al., Quercus robur and Quercus petraea in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 160-163.

4.            Mitchell, F., The development of Ireland’s tree cover over the millennia. Irish Forestry, 2000.

5.            Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

6.            Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.

7.            Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.

8.            Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

9.            Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.

10.          Sealy, J.R. and D.A. Webb, Arbutus Unedo L. Journal of Ecology, 1950. 38(1): p. 223-236.

11.          Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.

12.          Southwood, T.R.E., The Number of Species of Insect Associated with Various Trees. Journal of Animal Ecology, 1961. 30(1): p. 1-8.

13.          Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.

14.          Reynolds, S.C.P. and J.D. Reynolds, Knopper Gall Andricus quercuscalicis (Burgsdorf) records on oaks in Co. Limerick, with observations on the Artichoke Gall Andricus fecundator (Hartig). The Irish Naturalists’ Journal, 2008. 29: p. 13-17.

15.          Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.

16.          Raftery, B., Ancient Trackways in Corlea Bog, Co. Longford. Archaeology Ireland, 1987. 1(2): p. 60-64.

17.          Siggins, L., Storms reveal 7,500-year-old ‘drowned forest’ on north Galway coastline, in The Irish Times. 2014.

18.          Johnson, R., Ballinderry crannóg No. 1: a reinterpretation. Proceedings of the Royal Irish Academy. Section C: Archaeology, Celtic Studies, History, Linguistics, Literature, 1999: p. 23-71.

19.          Hencken, H.O.N., et al., Ballinderry crannog no. 1. Proceedings of the Royal Irish Academy. Section C: Archaeology, Celtic Studies, History, Linguistics, Literature, 1935. 43: p. 103-239.

20.          Lanting, J.N. and A.L. Brindley, Irish Logboats and Their European Context. The Journal of Irish Archaeology, 1996. 7: p. 85-95.

21.          Siggins, L., Log boat dating back 4,500 years found in Lough Corrib, in The Irish Times. 2014.

22.          Fennessy, J., P. Savill, and B. Clifford, Dynamic silviculture–an alternative approach to traditional oak silviculture. Irish Forestry, 2016. 73: p. 217-238.

23.          Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.

24.          Bhreathnach, Ú., An introduction to the National Folklore Collection and Meitheal Dúchas. ie. 2019.

25.          Dolan, B., Making iron in the Irish midlands the social and symbolic role of Iron Age ironworkers. The Journal of Irish Archaeology, 2016. 25: p. 31-48.

26.          García-Gómez, E., et al., The Consumption of Acorns (from Quercus spp.) in the Central West of the Iberian Peninsula in the 20th Century. Economic Botany, 2017. 71(3): p. 256-268.

27.          Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.

28.          Ó hÓgáin, D., Trees in Irish Lore. Irish Forestry, 2003. 60: p. 46-60.

29.          Bunachar Logainmneacha na hÉireann. 2024.

30.          Coitir, N.M., IRELAND—LAND OF THE YEW? Archaeology Ireland, 2016. 30(4): p. 38-40.