Lysimachia nemorum
Yellow Pimpernel
Tá Lus Cholm Cille (Lysimachia nemorum) le feiceáil ar leataobh an bhóthair, ar thalamh bhriste, agus in áiteanna le beagán scátha (is ionann ‘nemorum’ agus an ginideach ‘na coille’ sa Laidin).
Tá an planda sa bhfine Primulaceae, in éindí le roinnt bláthana dúchasacha eile, ina measc an Falcaire Fiáin (Anagallis arvensis nó Lysimachia arvensis) a bhreathnaíonn cosúil le Lus Cholm Cille seachas go bhfuil bláth dearg air agus go dtaitnaíonn solas na gréine leis.