Petasites pyrenaicus
Winter Heliotrope
Níl mórán plandaí i gCois Fharraige le bláth orthu sa ngeimhreadh amháin, ach tá Plúr na Gréine (Petasites pyrenaicus) mar cheann acu.
Tá boladh cumhra ó na bláthanna. Casann na siad i dtreo na gréine, tréith ar a thugtar héileatrópacht. Tá an tréith céanna ag nóiníní agus roinnt bláthanna eile.
Is planda ionrach é seo – is ó dheisceart na hEorpa a tháinig sé ó thús – agus scaipeann sé go forleathan má thugtar an deis sin dhó. Feictear ar thaobh an bhóthair é, go háirithe in áiteanna atá i scáth na gréine cuid den am. Petasites fragrans a thugtaí air sa Laidin.