Adhann; Cluas Liath; Comann; Copóg Shleamhain; Fáthlán; Gallán Greannchair; Luibh-in-aghaidh-casachtaigh; Sponclus
Tussilago farfara
Colt’s-foot; Coltsfoot
Fásann bláth an Spoinc (Tussilago farfara) díreach amach as an talamh, sula dtagann aon duilleog air. Tógadh roinnt de na grianghraif seo ar thalamh garbh, briste i dtimpeallacht phortaigh i gCois Fharraige. Tá gas gainneach ar an mbláth (le hais gas mín atá ag an gCaisearbhán) agus tá cuma na gréine ar an mbláthcheann.
Is iomaí úsaid a bhaintí as an mbláth seo – mar thobac, mar ábhar tine (na duilleoga) agus mar ábhar leighis (ceaptar anois go bhfuil ceimicí nimhneacha sa bplanda).
Is ó Niall Mac Coitir (Ireland’s Wild Plants 2006) a tháinig go leor de na hainmneacha eile seo ar an Sponc (agus go leor planadaí eile ar an suíomh seo freisin).
Nílim cinnte cé chomh fairsing atá an bláth seo i gCois Fharraige. Go dtí seo níl sé feicthe agam ach i gcúpla áit. Ach is bláth coitianta go maith é in Éirinn.




