Silene uniflora
Sea Campion
Tá an Coireán Mara (Silene uniflora) le feiceáil ar fud chósta Chois Fharraige ag tús an tsamhraidh. Is ilbhliantóg é seo atá an éasca le haithint mar go bhfuil an chailís (na seipil) ar chúl an bhlátha nasctha le chéile agus cuma bolgáin dhonn (nó dearg uaireanta) orthu.
Ní fhaightear an bláth seo ach ar chóstaí – ar charraigeacha, ar an duirling agus ar ailltreacha.






