Cluas Luchóige Fhaireogach
Cerastium glomeratum
Sticky Mouse-ear Chickweed
Tugtar Cluas Luchóige ar an Cerastium, plandaí le bláthanna beaga bána atá le feiceáil ó seo go dtí deireadh an tsamhraidh. Feictear i raon leathan gnáthóga é, ach tugaim faoi deara gur sa bhféar tanaí timpeall ar chlocha a bhíonn sé ag fás go minic sa gceantar seo, nó ar imill gharraí nó plásóg féir.
Is í seo an Chluas Luchóige Ghreamaitheach (Cerastium glomeratum) – bíonn na bláthanna le feiceáil brúite le chéile i mbraisle bheag (glomeratum=bailithe le chéile).
Tá speicis eile den Cerastium le fáil i gCois Fharraige freisin, ina measc an Chluas Luchóige Choiteann (Cerastium fontanum) – atá cosúil le C. glomeratum ach go bhfuil na bláthanna scaipthe amach óna chéile ar an ngas – agus an Chluas Luchóige Mhóinéir, le bláthanna níos mó. Seans go bhfuil ceanna eile le fáil freisin nach bhfaca mé fós.





