You are currently viewing An Tursarraing Bheag

An Tursarraing Bheag

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:

Tursarraingín

Stellaria graminea

Lesser Stitchwort

Tá an Tursarraing Bheag nó an Tursarraingín (tearma.ie) ar an mbláth beag bán seo (Stellaria graminea), atá coitianta sa gceantar. Bíonn go leor bláthanna ar an ngas, agus bíonn sé le feiceáil sa bhféar agus ar thaobh na mbóithríní.

Is chúig pheiteal atá ag an mbláth, ach go bhfuil gach ceann scoilte beagnach i dhá leath, le go mbreathnaíonn sé go bhfuil 10 gcinn air. Tá na seipil ghlasa le feiceáil go soiléir faoi na peitil. Ní mhaireann na bláthanna ach roinnt laethanta, ach tagann ceanna nua go rialta, agus mar sin fanann an planda i mbláth ar feadh tréimhse dheas.

Má tá ‘wort’ san ainm Béarla, ciallaíonn sé go raibh úsáid ecínt sa bplanda, sa gcás seo mar leighis do phian sa mbolg héis aclaíocht throm. Ní fios an bhfuil bunús eolaíochta leis seo.