You are currently viewing Scrobarnach

Scrobarnach


Tugann Fossit (A Guide to Habitats in Ireland, 2007) scrobarnach (scrub) ar an ngnáthóg sin ina bhfuil ar a laghad 50% den spás clúdaithe le sceacha, crainnte ísle, nó driseacha. Ní bhíonn airde na sceach níos airde ná 5m, nó 4m in áiteanna fliucha. I gCois Fharraige, athraíonn garrantaí a ligtear i bhfiántas go scrobarnach de réir a chéile. Tá an gnáthóg seo forleathan freisin díreach ó dheas de na ceantair phortaigh, nó sa bportach fhéin, sna háireanna sin atá crochta agus níos tirime dá bharr.

Is iad an t-aiteann, an sceach gheal agus an draighean, agus saighleánaigh éagsúla na sceacha is coitianta atá le fáil i scrobarnach Chois Fharraige. Más ar an bportach atá siad, tá an roilleog le háireamh freisin. Bíonn driseacha fite fuaite sna sceacha freisin. Cé go bhfuil an coll aitheanta mar sceach de chuid na gnáthóige seo, feictear nach bhfuil sé coitianta i gCois Fharraige (cé go bhfuil sé ag fás níos faide soir ón Spidéal).

In ainneoin go bhfuil catagóir eile, WS3, ag Fossit do sceacha neamhdhúchasacha, áirítear an róslabhras anseo freisin.

Plandaí le fáil i Scrobarnach

Scrobarnach