Tá an féithleann, nó an fhéithleog mar a thugtar air i gConamara, forleathan ag dreapadh ar chlaíocha an iarthair.

An t-ord Dipsacales

Níl san ord Dipsacales ach dhá fhine, Adoxaceae agus Caprifoliaceae, líon finte atá sách beag i gcomparáid le cuid de na hoird eile. Mar shampla, tá 9 gcinn de fhinte san ord Rosales, ord na rósanna, na ndriseacha, agus plandaí eile a sholáthraíonn formhór na dtorthaí a itheann muid.

Is sa bhfine Adoxaceae atá dhá chrann (ach is níos minice a thugann muid sceacha orthu) a fhásann go dúchasach in Éirinn, an trom (Sambucus nigra) agus an chaor chon (Viburnum opulus). Tá an trom ar an bplanda ón bhfine Adoxaceae is coitianta in Éirinn, agus is ba phlanda tábhachtach a bhí ann do shochaí na tíre fadó. Bíonn tréithe i gcoitinn ag na plandaí sa bhfine Adoxaceae. Bíonn bláthra de bhláthanna beaga le cúig pheitil acu. Is drúp é toradh na sceiche – síol le clúdach crua adhmadach atá timpeallaithe ag ábhar bog feolmhar (an chaor).

Tá an odhrach bhallach, nó greim an diabhail, fairsing ar thalamh portaigh sa bhfómhar.

Tugtar fine na féithleoige ar an bhfine Caprifoliaceae agus tá roinnt plandaí ón bhfine sin, an féithleann nó an fhéithleog fhéin (Lonicera periclymenum) ina measc, ag fás in Éirinn freisin. Is sceacha agus féithleoga iad formhór na bplandaí sa bhfine. Tá plandaí ionracha ón bhfine seo ag fás in Éirinn, freisin. Níor chóir fáilte a chur roimh an bhféithleann álainn (Leycesteria formosa), in ainneoin ainm an phlanda, má fheictear ag fás sa ngarraí é. Scaipeann sé go tréan agus plúchann sé plandaí dúchasacha.

Tá corr-ilbhliantóg ón bhfine Caprifoliaceae le fáil in Éirinn. Bláthaíonn an odhrach bhallach, nó greim an diabhail (Succisa pratensis), sa bhfómhar. De réir an tseanchais, bhí an oiread sin de ghráin ag an diabhal ar an bplanda seo, a raibh cáil air mar gheall ar an méid breoiteachtaí a raibh sé mar leigheas orthu, gur bhain sé plaic as an fréamh le cuid de mhaitheas an phlanda a mhaolú. Deirtear gurb í seo an chúis le fréamhacha gearra an phlanda.

Plandaí san ord Dipsacales