You are currently viewing An Cheathrú Uain

An Cheathrú Uain

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth: ,
Stádas:
Inite?: ,

Valerianella locusta

Common Cornsalad; Lamb’s Lettuce; European Cornsalad

Seo planda eile le bláth a tháinig amach go tobann ag deireadh an Earraigh – An Cheathrú Uain nó Valerianella locusta (tá mé ag ceapadh, mar tá an Cheathrú Uain Dhroimneach – Valerianella carinata – an-chosúil leis).

Nílim cinnte cé chomh fairsing atá sé i gCois Fharraige, ach tá sé feicthe agam i gcúpla garraí difriúil. Tá na bláthanna beag bídeach, chomh beag sin go bhfuil sé deacair pictiúr ceart a thógáil dóibh.

Lamb’s Lettuce, nó European Cornsalad, atá air sa mBéarla. Taitníonn créafóg bhocht leis an bplanda seo (ba chóir go mbeadh neart de le feiceáil sa gceantar seo mar sin).

Ciallaíonn Valerianella ‘Valerian beag’. Caorthann atá ar an Valerian i nGaeilge (níl aon ghaol aige leis an gcrann caorthainn), agus tá ar a laghad speiceas amháin den Chaorthann le feiceáil i gCois Fharraige freisin. Tá siad go léir sa bhfine céanna, Caprifoliaceae.