You are currently viewing Lus na hIothlann

Lus na hIothlann

Dath Bláth:
Cineál Planda:
Fine:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:
Fairsinge:

Lus Anainn

Matricaria discoidea

Pineappleweed; Rayless Mayweed

Is léir cén fáth go dtugtar Lus Anainn (Matricaria discoidea) ar an bplanda seo chomh maith le Lus na hIothlann, atá le feiceáil sa samhradh i gCois Fharraige. Tá boladh álainn anainn uaidh na duilleoga nuair a bhrúitear iad.

In ainneoin gur sa bhfine Asteraceae atá an Lus Anainn, an clann chéanna leis an nóinín agus go leor plandaí comhchosúla eile, is planda é seo le bláth gan bláthóga ghathacha (na píosaí daite sin den bhláth a shíneann amach ón lár) – breathnaíonn sé ar nós gur thit siad uaidh.

Feictear an planda seo ag fás go minic ar thalamh gharbh, bhriste – ar chosáin agus i lár na mbóithríní beaga i gCois Fharraige.

Ní planda dúchasach é Lus na hIothlann. Ceaptar gur ó Oregon a tháinig sé chuig an Bhreatain, timpeall 1870, agus as sin go hÉireann, ná síolta á scaipeadh ar rothaí carranna.