You are currently viewing An Grúnlas

An Grúnlas

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Fairsinge:

Senecio vulgaris

Groundsel

Bíonn an Grúnlas (Senecio vulgaris) faoi bhláth i gCois Fharraige beagnach i gcaitheamh na bliana, cé nach dtabharfá faoi deara é mura bhfuil tú ag faire amach dó. Níl mórán measa ar an bplanda seo i gCois Fharraige, agus breathnaítear air mar fhiaile.

Tá droch-cháil ag gaol leis, an Buachalán Buí (Senecio jacobaea nó Jacobaea vulgaris), freisin. Ní cosúil go bhfuil an ghráin chéanna ar an nGrúnlas, ach níl sé chomh feiceálach lena chol ceathrar ach an oiread. Tá an nimh céanna sa ngrúnlas agus atá sa mbuachalán buí.

Tá bláth an phlanda tábhachtach do phailneoirí agus luach éiceolaíochta aige dá bharr. Feictear níos minice é ar thaobh an bhóthair sa gceantar seo, seachas sna garrantaí.