Veronica serpyllifolia
Thyme-leaved speedwell
Tá go leor bláthanna sa ngéineas Veronica, agus seo ceann eile acu, Lus an Treacha, nó Veronica serpyllifolia. Tá an ceann seo an-bheag, é ag fás sa bhféar.
Tá sé deacair go leo de na speicis ghorma sa ngéineas seo a aithint óna chéile, ach tá dath bán, den chuid is mó, ar Lus na Treacha.
Cosúil le go leor bláthanna eile, tá feithidí éagsúla agus V. serpyllifolia ag brath ar a chéile.
Níl a fhios agam cé chomh coitianta is atá an bláth seo sa gceantar, ná an bhfuil ainm eile air seachas an ceann seo a fuair mé ó www.tearma.ie.






