You are currently viewing Raithneach Dhlúth

Raithneach Dhlúth


Tá raithneach dhlúth luaite ag Julie Fossit (A Guide to Habitats in Ireland) mar cheann de ghnáthóga na tíre, agus is gnáthóg í atá fairsing i gCois Fharraige, go háirithe sna garrantaí sin idir an portach agus an fharraige. Tá an talamh aigéadach agus réasúnta tirim, coinníollacha atá fabhrach do raithneach (Pteridium aquilinum), an planda is coitianta sa ngnáthóg seo.

Tá raithnigh eile, amhail an raithneach mhadra agus an raithneach chrua, luaite leis an ngnáthóg ar an suíomh seo, cé gur ar imeall na ngnáthóige a fheictear iad go hiondúil. Bíonn plandaí eile ag fás i measc na raithní – driseacha agus an t-ialus fáil, mar shampla.

Plandaí sa Raithneach Dhlúth

Raithneach Dhlúth